Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport

Fothú acmhainní (an t-ardoideachas)

Cad is aidhm dóibh?

Is éard is tionscadail fothaithe acmhainní i réimse an ardoideachais ann ná tionscadail chomhair thrasnáisiúnta atá bunaithe ar chomhpháirtíochtaí iltaobhacha idir institiúidí ardoideachais ó thíortha cláir agus ó thíortha comhpháirtíochta incháilithe den chuid is mó.

Is éard is aidhm do na tionscadail seo tacú le Tíortha Comhpháirtíochta incháilithe chun na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • rochtain ar an ardoideachas a nuachóiriú, a idirnáisiúnú agus a mhéadú
  • aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá roimh a n-institiúidí agus a gcóras ardoideachais féin
  • an comhar leis an Aontas Eorpach a mhéadú
  • forbairtí i réimse an ardoideachais san Aontas Eorpach a ghlacadh chucu féin ar bhonn deonach, agus
  • teagmhálacha idir daoine, an fheasacht idirchultúrtha agus an tuiscint idirchultúrtha a chur chun cinn.

Tá sin á chur i gcrích i bhfianaise dhá phríomhdhoiciméad beartais agus i bhfianaise an bheartais atá sainithe le ceithre ionstraim airgeadais chomhlántacha;

Cén deis atá ann?

A bhuí le Erasmus+ tugtar an deis d'eagraíochtaí ó Thíortha Comhpháirtíochta incháilithe, d'institiúidí ardoideachais den chuid is mó, an comhar a chur chun cinn trí ghníomhaíochtaí a mbíonn de thoradh orthu:

  • cáilíocht an ardoideachais a fheabhsú agus an t-ardoideachas a chur in oiriúint do riachtanais an mhargaidh saothair ar bhealach níos fearr,
  • an leibhéal scileanna in Institiúidí Ardoideachais a fheabhsú trí chláir nua oideachais,
  • cur lena bhfuil ann d'acmhainní bainistíochta, rialachais agus nuálaíochta chomh maith le hacmhainní idirnáisiúnaithe,
  • tógáil ar acmhainní na n-údarás náisiúnta chun a gcórais ardoideachais féin a nuachóiriú, agus
  • an comhtháthú réigiúnach agus an comhar réigiúnach a chothú ar fud réigiúin éagsúla an domhain.

Is gnách go ndíríonn tionscadail fothaithe acmhainní ar cheann amháin de na trí phríomhghníomhaíocht seo a leanas:

  • gníomhaíochtaí forbartha curaclaim
  • córas rialachais agus bainistíochta Institiúidí Ardoideachais agus na gcóras ardoideachais a nuachóiriú
  • an caidreamh idir an t-ardoideachas agus an timpeallacht eacnamaíoch agus shóisialta i gcoitinne a neartú

Féadfaidh eagraíochtaí rogha a dhéanamh idir dhá chineál tionscadal:

  1. Comhthionscadail arb é is aidhm dóibh tacú le heagraíochtaí ó thíortha comhpháirtíochta (i.e. trí fhorbairt curaclaim, nuachóiriú bainistíochta, etc.), agus
  2. Tionscadail Struchtúracha arb é is aidhm dóibh córais ardoideachais a neartú agus athchóirithe a chur chun cinn ar an leibhéal náisiúnta agus/nó réigiúnach.

Conas a oibríonn sé?

Eagraíochtaí a bhfuil sé i gceist acu iarratas a chur isteach, ní foláir dóibh an t-iarratas sin a dhéanamh faoi scáth cuibhreannais. I dtaca le tionscadail atá dírithe ar aon Tír Chomhpháirtíochta amháin, caithfidh dhá Thír Chláir, i bprionsabal, a bheith rannpháirteach in aon chuibhreannas ar leith chomh maith leis na rannpháirtithe seo a leanas:

  • aon institiúid ardoideachais amháin ar a laghad ó gach Tír Chláir rannpháirteach
  • trí institiúid ardoideachais ar a laghad ón Tír Chomhpháirtíochta
  • an oiread céanna institiúidí ardoideachais ón Tír Chomhpháirtíochta agus ón Tír Chláir

I dtaca le tionscadail atá dírithe ar bhreis agus aon Tír Chomhpháirtíochta amháin, caithfidh dhá Thír Chomhpháirtíochta incháilithe ar a laghad agus dhá Thír Chláir ar a laghad a bheith rannpháirteach iontu. Ní foláir, i bprionsabal, na rannpháirtithe seo a leanas a bheith in aon chuibhreannas:

  • aon institiúid ardoideachais amháin ar a laghad ó gach Tír Chláir rannpháirteach
  • dhá institiúid ardoideachais ar a laghad ó gach Tír Chomhpháirtíochta rannpháirteach
  • an oiread céanna institiúidí ardoideachais ón Tír Chomhpháirtíochta agus ón Tír Chláir

Is iad na tíortha atá i Réigiúin 1-4 agus 6-11 na tíortha comhpháirtíochta atá incháilithe. Maidir le tionscadail a bhfuil tíortha ó Réigiún 8 (Meiriceá Laidineach) bainteach leo, ní foláir dhá Thír Chomhpháirtíochta ar a laghad ón Réigiún sin a bheith ina rannpháirtithe iontu; maidir le tionscadail a bhfuil Cónaidhm na Rúise (Réigiún 4) bainteach leo, ní foláir aon Tír Chomhpháirtíochta eile ar a laghad ó réigiún eile a bheith rannpháirteach iontu. I dtaca le Tionscadail Struchtúracha, ní foláir an Aireacht a bhfuil cúram an oideachais uirthi sa Tír Chomhpháirtíochta a bheith rannpháirteach iontu freisin.

Ní foláir an cuibhreannas a bheith faoi cheannas iarratasóra, arb é atá ann eagraíocht a chuireann an moladh isteach thar ceann na gcomhpháirtithe agus atá freagrach as cur chun feidhme foriomlán an tionscadail. Is éard a bheidh san iarratasóir:

  • Institiúid Ardoideachais (ó thír chomhpháirtíochta más féidir sin)
  • cumann nó eagraíocht institiúidí ardoideachais, nó
  • i gcás Tionscadail Struchtúracha, eagraíocht uachtarán ollscoile, múinteoirí nó mac léinn de chineál náisiúnta nó idirnáisiúnta a bhfuil aitheantas dlíthiúil aici.

Ní féidir le heagraíochtaí ón Libia, ón tSiria ná ó Chónaidhm na Rúise iarratais a dhéanamh.

Féadfaidh institiúid ardoideachais nó eagraíocht phoiblí nó phríobháideach atá gníomhach i margadh an tsaothair nó i réimsí an oideachais, na hoiliúna agus na hóige feidhmiú mar chomhpháirtithe ar thionscadal. Ceann den dá ról seo a leanas a bheidh ag na heagraíochtaí sin:

  • comhpháirtithe iomlána, i.e. comhpháirtithe a bhfuil páirt ghníomhach sa tionscadal acu faoi cheannas an iarratasóra, nó
  • comhpháirtithe comhlachaithe, i.e. comhpháirtithe a chuidíonn le cúraimí nó le gníomhaíochtaí ar leith a dhéanamh.

Ní mheastar gur cuid den chuibhreannas iad na comhpháirtithe comhlachaithe, agus, dá réir sin, ní bhfaighidh siad aon mhaoiniú ón tionscadal.

Cén t-eolas eile is ceart a bheith agat?

Is gnách go ndíríonn tionscadail fothaithe acmhainní ar na trí phríomhghníomhaíocht seo a leanas:

  • gníomhaíochtaí forbartha curaclaim
  • córas rialachais agus bainistíochta na n-institiúidí ardoideachais agus na gcóras ardoideachais a nuachóiriú
  • an caidreamh idir an t-ardoideachas agus an timpeallacht eacnamaíoch agus shóisialta i gcoitinne a neartú

Maireann tionscadail ar feadh 2 bhliain nó 3 bliana de ghnáth agus bronntar deontas idir EUR 500,000 agus EUR 1 milliún. Féadfar úsáid a bhaint as an deontas chun costais foirne, costais taistil, costais lóistín, costais trealaimh agus costais gníomhaíochtaí fochonartha a chumhdach.

Más i dTíortha Cláir atá na hinstitiúidí ardoideachais lonnaithe caithfidh Cairt Ardoideachais Erasmus bhailí a bheith ag na hinstitiúidí sin.

Iarratas a dhéanamh

Ba cheart iarratas a dhéanamh ar líne mar fhreagra ar cheann de na glaonna bliantúla ar mholtaí a chuireann an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir amach.

Tuilleadh eolais

Is é an Treoirleabhar do Chlár Erasmus+ an phríomhfhoinse eolais faoi dheiseanna fothaithe acmhainní, ach mar sin féin tá tuilleadh eolais faoin bpróiseas iarratais le fáil ón nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir.

Chun tuilleadh eolais a fháil is féidir teagmháil a dhéanamh leis an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir.

Más as tír atá lonnaithe i gceann de réigiúin 1, 2, 3, 4 nó 7 duit, nó más spéis leat comhoibriú le hinstitiúidí ó cheann de na tíortha sin, is féidir leat dul i dteagmháil leis an Oifig Náisiúnta Erasmus+ sa tír chomhpháirtíochta sin.

Más as Tír Chláir duit, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Teagmhálaí Erasmus+ sa Ghníomhaireacht Náisiúnta agat féin freisin.

Related calls

Last updated: